Celbridge Community School

Club Gaeilge & Gaelbhrat

Gaeilge.png

Tá Pobalscoil Chill Droichid fíorbhródúil as an nGaeilge agus táimid ag iarraidh meon dearfach a chruthú ó thaobh na Gaeilge de. Gach Luan, bíonn Club Gaeilge ar siúl ag am lón (13.00 - 13.40). Tugann an Club Gaeilge deis do na scoláirí bualadh le chéile agus an Ghaeilge a labhairt taobh amuigh den seomra ranga.

Bíonn atmaisféar deas agus spraoiúil sa chlub. Bíonn cluichí éagsúla ar fáil (mar shampla Scrabble, Biongó, Cártaí agus Tráth na gCeist) trí mheán na Gaeilge. Chomh maith le sin, beidh an Club Gaeilge ag eagrú imeachtaí difriúla i rith na bliana - Gaeilge24, Dúshlan, Seo Bothar agus aíonna speisialta.

I mbliana, táimid ag iarraidh an Ghaeilge a fhorbairt timpeall na scoile. Tá Pobalscoil Chill Droichid ag glacadh páirte sa scéim, An Ghaelbhratach, a thugann aitheantas do scoileanna a úsáideann Gaeilge taobh amuigh den seomra ranga agus a chuireann an teanga chun cinn. Beidh gach duine ag obair go crua ar son na Gaeilge chun an bhrat a bhaint amach.

Ár mana - Gaeilge beo, Gaeilge go deo

Feb 16
2026
Mid Term Break
Mar 02
2026
Parents Association Meeting
Mar 17
2026
St Patrick's Day
Mar 27
2026
OIDE Training Day- School Closed
Maynooth Road, Moortown, Celbridge, Co. Kildare, W23 K2E6.
01 485 3998
Location
© 2026 Celbridge Community School